Beidh ceardlann spéisiúil dar teideal ‘Logainmneacha agus an Éiceolaíocht sa Chomhthéacs Eorpach’ ar siúl in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU Déardaoin 23 Iúil. Beidh an cheardlann ar siúl agus Éire ag cur tús lena tréimhse i mbun Uachtarántacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (1 Iúil go dtí 31 Nollaig, 2026). I measc an ábhair a phléifear ann beidh logainmneacha a thagraíonn d’éiceachórais atá imithe i léig, nó atá tar éis athrú, amhail coillte, portaigh, srl.; an ról atá ag oidhreacht na teanga agus na logainmneacha i gcomhthéacs an athraithe aeráide; fianaise sna logainmneacha ar an athrú aeráide nó athruithe in úsáid na talún; fianaise ar dháiliúcháin stairiúil ainmhithe agus plandaí; tagairtí d’fhoirmithe ithreach agus don gheolaíocht agus ar na bealaí ar féidir an fhianaise sin a úsáid i gcomhthéacsanna atá ábhartha sa lá atá inniu ann, m.sh. ardú feasachta faoi chúrsaí éiceolaíochta, athbhunú speicis, athdhúlrú, cosaint ar thuilte agus athfhliuchadh, srl.
Maidir leis an dá théama deireanach sin .i. cosaint ar thuilte agus athfhliuchadh, is cinnte gur féidir leas a bhaint as an bhfianaise atá sna logainmneacha nuair atáthar ag iarraidh fáil amach an bhfuil ceantar ar leith feiliúnach don athfhliuchadh nó nach bhfuil. Anuas air sin, bíonn leideanna sna logainmneacha don duine a bheadh ag iarraidh a fháil amach an bhfuil baol tuilte ann in áit ar leith. Tá sé seo fíor fud fad na hEorpa, go háirithe sna háiteanna sin ina bhfuil an teanga chéanna á labhairt ar feadh na gcéadta bliain. Fágann an leanúnachas teanga sin gur minic go dtugann logainmneacha léiriú ar an gcineál topagrafaíochta a bhí ann sular cuireadh oibreacha draenála ar bun idir an 18ú haois agus an 20ú haois. Dá bharr sin, mar shampla, bheadh sé ríshoiléir dóibh siúd a labhraíonn canúintí deisceartacha na Gearmáinise an chúis go mbeadh tuilte luaite le háiteanna amhail Murnau, Landau agus Mainau nuair a chloiseann siad na logainmneacha sin i dtuairiscí nuachta. Ciallaíonn an eilimint deiridh sna logainmneacha sin Au ‘tuilemhá’ agus ‘móinéar’ i gcanúintí an deiscirt. Cé go mbíonn ithir thorthúil ar thuilemhánna, is minic nach féidir brath orthu don churaíocht toisc an baol tuile a bhíonn ann. Dá dheasca sin, ba mhinic gur mar fhéarach nó mar mhóinéar a d’úsáidtí iad sa tréimhse luath, seachas talamh curaíochta. I mí Lúnasa 2025, mar shampla, bhí drochthuilte in Reichenau, oileán i Loch Konstanz (Bodensee) (féach: thw.de BW), áit ar dócha gur scríobhadh an dán Sean-Ghaeilge Mise agus Pangur Bán. Ach b’fhéidir nach mbeifí ag súil lena mhalairt, i bhfianaise brí an logainm Reichenau féin, mar atá “(the) noble (rich) flood-plain” (‘Richen Owe’, 1270; féach: Reichenau: Ortslexicon)! Ar an dul céanna leis sin, níor cheart go mbeadh aon iontas ar lucht labhartha an Bhéarla ar chloisteáil dóibh scéalta faoi na tuilte a bhí ann in áit darb ainm Titchmarsh Shasana i Mí Eanáir 2024 (féach: Titchmarsh flooding), ós rud gur talamh fhliuch a bhíonn i gceist le marsh ar ndóigh. Is léir mar sin, go mba chóir don lucht pleanála sna tíortha sin a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga iontu a bheith airdeallach nuair atáthar ag cur isteach ar chead pleanála in áiteanna ina bhfuil marsh mar chuid den ainm. Ar an ábhar sin, ní haon díol iontais é gur tharla drochthuilte i roinnt eastát sna bailte fearainn Na Méirsí Íochtaracha / Marshes Lower (logainm.ie #33954) agus An Méirse Theas / Marsh South (logainm.ie #33953) i nDún Dealgan in 2026 (féach: dundalkleader.com). Tá an chuma ar an scéal gur tógadh formhór na dtithe sna bailte fearainn sin ar shil-leagan muirí, idir sil-leagan inbhearach agus gaineamh muirí. Dála an scéil, tagann an leagan áitiúil Gaeilge den ainm ‘méirsi’ [Na Méirsí] (1836) ón bhfocal Meán-Bhéarla mersche “marsh” (féach: A Concise Dictionary of Middle English); díol spéise gur mhínigh Seán Ó Donnabháin é mar ‘méirsi, a name given to pasture land on which the tide comes in’ (Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis). Ar an drochuair, léiríonn tuilte na bliana 2026 go raibh an míniú seo róchruinn.
Bíonn teangacha ag athrú i gcaitheamh an ama, mar is eol dúinn. De thoradh air sin, fiú in áiteanna ina bhfuil cúrsaí teanga réasúnta sochar ar feadh na nglúinte fada, is féidir go mbíonn brí bheacht na bhfocal a thagraíonn do thalamh bogaigh agus tuilemhánna a bheith ligthe i ndearmad ag cainteoirí dúchais. Tá an méid seo fíor i Sasana, mar shampla, áit a bhfuil an Béarla á labhairt le míle bliain anuas (taobh amuigh de Chorn na Breataine). In ainneoin an leanúnachais sin, áfach, is minic nach féidir logainmneacha a thuiscint gan taighde cuimsitheach a dhéanamh. Sa mhullach air sin, sna tíortha úd ina bhfuil mórathrú teanga tar éis tarlú ar na saolta deireanacha, bíonn sé níos deacra fós an t-eolas atá sna logainmneacha a nochtadh. Tá sé seo fíor, ní hamháin sna tíortha sin san Eoraip inar tharla mórghluaiseachtaí pobal, go háirithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ach sna tíortha Ceilteacha freisin, ina bhfuair an Béarla (agus an Fhraincis, i gcás na Briotáine) an lámh in uachtar ar na teangacha dúchais le dhá chéad bliain anuas. Níl sna cuid is mó de na leaganacha béarlaithe d’ainmneacha bailte fearainn na hÉireann, a bhfuil c. 60,000 acu ann agus a dtagann a bhformhór glan ón nGaeilge, ach iarracht ar chruth an Bhéarla a chur ar fhoghraíocht na mbunainmneacha Gaeilge. Fágann sin nach bhfuil eolas ar bith le fáscadh astu mar logainmneacha ‘Béarla’. Mar shampla, níl aon bhrí le Clonderalaw (logainm.ie #6909), mar a thugtar ar bhaile fearainn i gContae an Chláir as Béarla, ach cuireann an leagan bunaidh Cluain idir Dhá Lá brí agus beocht ann: “the pasture, (wet) meadow between two marshes” atá i gceist, ina dtagann lá ó loth (var. lath) na Meán-Ghaeilge (féach dil.ie s.v. loth “mud, mire; quagmire, marsh”). Is iad an dá riasc atá i gceist na paistí de shil-leagan muirí ar theorainneacha thoir agus thiar an bhaile fearainn. Díol suntais is ea gur marcáladh iad mar Liable to Floods ar léarscáileanna 6ʺ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (SO) (1ú eagrán). Is ann do na mílte cás eile, ar ndóigh, ina gceileann an litriú béarlaithe bunbhrí an logainm Ghaeilge.
Léiríonn an méid sin thuas an géarghá atá ann go ndéanfaí taighde ar logainmneacha na hÉireann, idir ainmneacha bailte fearainn agus ainmneacha eile de bhunadh na Gaeilge. Is fíor é seo i gcomhthéacs chúrsaí staire, ginealas, cultúr agus teangeolaíochta, ach tá tábhacht ag baint leis ó thaobh na héiceolaíochta chomh maith céanna. Tá suntas ar leith ag baint le téama na héiceolaíochta i logainmneacha na hÉireann mar gheall ar phatrún lonnaíochta a bheith sa tír atá thar a bheith scaipthe. Fágann sé seo go bhfuil líon ollmhór d’ainmneacha bailte fearainn (an bunaonad riaracháin in Éirinn) a thagraíonn do ghnéithe topagrafaíochta seachas do lonnaíochtaí an duine (sráidbhailte, bailte), mar a bhíonn i gcuid mhaith tíortha eile san Eoraip. Tagraíonn an-chuid de na logainmneacha sin in Éirinn do chineálacha éagsúla de bhogaigh.
- boglach / bogach “a place abounding in soft boggy ground”; bogán “soft ground”
- caochán “marsh rill; boghole”; caorán “moor”; caoth “boghole, swamp-hole”; corcach “marsh”; criathrach “(pitted) bog”; curchas “reedy marsh; riverside meadow”; currach “wet bog, marsh”
- eanach “marsh, swamp, fen”
- feadán “watercourse; gully”; féith “swamp, marsh”
- gaoth “stream; estuary”; gaothlach “marsh, swamp”; greallach “mire, puddly ground”
- inis (var. inse) “island; holm, water-meadow”
- lá “quagmire, marsh”; léana “low-lying grassy place, water-meadow”; loch “lake, sea-inlet”; luachair “rushes; rushland, rushy place”
- móin “peat bog, bogland (not always peat bog)”; moing “over-grown swamp, mossy fen”; mongán “overgrown swamp, overgrown stream”
- portach “peat-bog (literally: ‘place of embankments’)”
- riasc “marsh, bogland, moor”
- seascann “sedgy bog, marsh”; slapa (slaba) “slob, mud, ooze”; slaprach “wet, soggy, land”
- tonnach “quaking bog, quagmire”; agus turlach “winter lake; mere; marsh”
Tá cuid acu seo thar a bheith coitianta in ainmneacha bailte fearainn in Éirinn, amhail móin “peat bog; bogland (not always peat bog)”, fiú in áiteanna a mheastar iad a bheith go maith ó thaobh na talmhaíochta de sa lá atá inniu ann. Sna cásanna sin, caithfidh sé go dtugann na heilimintí sin léargas ar an tírdhreach mar a bhí sí sular cuireadh oibreacha draenála agus ‘feabhsúcháin’ eile nach iad i gcrích; is iarsma iad de thírdhreach atá imithe. Anuas air sin, is ann do roinnt logainmneacha nach bhfuil tagairt díreach iontu do thalamh bogaigh ach a bhfuil a leithéid le tuiscint uathu go hindíreach. Ní talamh bogaigh atá i gceist go díreach leis an bhfocal imleach (eDIL s.v. imlech), cuir i gcás, focal atá réasúnta coitianta i logainmneacha na hÉireann, ach do thalamh atá ar imeall locha nó réisc. Ar aon dul leis sin, cé gur “boley, seasonal pasture; milking-place in summer pasturage; yard, enclosure” an bhrí atá leis an eilimint choitianta buaile seachas ‘talamh bhogaigh’ per se (eDIL s.v. búaile; FGB s.v. buaile), is éard a chuireann buailteachas “seasonal pasturing” féin in iúl ná talamh nach bhfuil feiliúnach chun eallaí a chothú an bhliain ar fad. Is é sin, ní bhogtar na heallaí anseo chun féarach ach amháin san am sin den bhliain a n-éiríonn an talamh tirim a dhóthain le bheith ag innilt ann. Tugann sé sin léargas dúinn ar an gcúis a bheadh ann le logainmneacha amhail Baile na Buaile / Ballinaboola “the town(land) of the boley, summer pasture” (logainm.ie #53514) i gContae Loch Garman agus Baile na Buaile / Ballynaboola (logainm.ie #50334) i gContae Phort Láirge. Bíonn an talamh faoi thuile go minic sa dá bhaile fearainn seo, agus is léir an chúis ach súil a chaitheamh ar léarscáileanna ithreach. I mBaile na Buaile, atá suite idir Ros Mhic Thriúin agus baile Loch Gorman ar an taobh ó dheas de bhóthar an N25, tá stráicí móra d’ithir thuiltrí (tuilemhá) agus ithir lochach. Is minic a bhíonn an talamh anseo fágtha faoi uisce ar feadh na míonna má bhíonn báisteach an-throm ann, mar is amhlaidh a tharla le linn an gheimhridh/earraigh i 2025/2026. Is léir nach bhféadfaí a leithéid de thalamh a úsáid mar fhéarach, an nós a thug an t-ainm buaile “summer pasture” don áit, ach amháin tar éis triomach réasúnta fada.
(Léarscáil fo-ithreach de Bhaile na Buaile, Contae Loch Garman. Ithir lochach marcáilte le +: https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
I gcás Bhaile na Buaile i gContae Phort Láirge, atá suite idir an chathair agus an Pasáiste, níl aon ithir lochach léirithe ar na léarscáileanna céanna. Ach is ann do stráice mór d’ithir thuiltrí (tuilemhá), agus bíonn tuilte ar an stráice sin ar bhonn bliantúil go dtí an lá atá inniu ann. Ar ndóigh, i roinnt mhaith bailte fearainn a bhfuil an focal buaile iontu is cinnte nach mbíonn ach paistí beaga a bhíonn fliuch ar feadh tréimhsí fada nó a bhfuil baol tuilte iontu. Léiríonn an dá shampla thuas, áfach, gurbh fhiú go mór a bheith cairéiseach nuair a bhíonn cead pleanála á lorg i mbailte fearainn a bhfuil buaile san ainm acu.
(Learscáil fo-ithreach de Baile na Buaile, Contae Phort Láirge. Ithir thuiltrí marcáilte le +: https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
Eilimint atá an-choitianta i logainmneacha na hÉireann agus a thagraíonn do thalamh bogaigh, más go hindíreach é, is ea cluain. Faightear an focal sin i mbreis agus 1,500 ainm baile fearainn. Is minic é mínithe mar “pasture, meadow; glade”, ach rinne an teangeolaí Julius Pokorny an focal a rianú siar go dtí *klop-ni- na hInd-Eorpaise, ón bhfréamh *klep- ‘feucht’ “fliuch” (Indogermanisches etymologisches Woerterbuch, p.603). Léirigh an Dr. Pádraig Ó Cearbhaill, Iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha, go bhfuil formhór na mbailte fearainn i gContae Thiobraid Árann a bhfuil cluain mar eilimint ina n-ainmneacha suite in aice le haibhneacha agus srutháin; go bhfuil níos mó na a leath díobhsan a bhfuil portach nó bogach iontu; agus go bhfuil cuid mhaith eile atá in aice portaigh (Logainmneacha na hÉireann III: Cluain i logainmneacha Co. Thiobraid Árann, lgh. 17–19). Go deimhin, níl ach dornán beag de na cluain-áiteanna seo nach bhfuil ceann ar bith de na gnéithe seo le fáil iontu. B’fhéidir go dtugann an méid sin le fios gur fhorbair an bhrí a bhí le cluain ón mbunbhrí “wet meadow” go dtí “meadow” i gcaitheamh an ama. Rianaíonn Ó Cearbhaill na cuntais seo a leanas ag scoláirí eile ar cluain freisin: ‘associated with those parts of Ireland where patches of dry ground alternate with bogs’; ‘a fertile clearing surrounded by an expanse of bog’; ‘a fertile clearing surrounded by an expanse of bog’; ‘a fertile piece of land, or a green arable spot, surrounded or nearly surrounded by bog or marsh on one side, and water on the other’ (féach ibid., 17). Pé scéal é, ós rud é gur minic a fhaightear cluain in aice le huisce nó talamh bogaigh, ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar éinne go mbíonn an-chuid de na háiteanna sin i mbaol tuilte. Dá réir sin, tugaimid faoi deara go bhfuil dhá áit ar leith in Cluain idir Dhá Lá / Clonerdalaw “(the) pasture, (wet) meadow between two marshes” thuasluaite i gContae an Chláir atá léirithe Liable to Floods SO 6ʺ. Sa mhullach air sin, tá ceantar mór atá marcáilte Liable to Floods SO 25ʺ in aice leis an láthair eaglasta mór le rá úd Cluain Mhic Nóis / Clonmacnoise (< Cluain Maccu Nóis “(the) pasture, (wet) meadow of (the tribe, kindred of Maccu Nóis)” (logainm.ie #41215). Tharla go leor tuilte i gcaitheamh na mblianta in áit cháiliúil eile, Cluain Meala / Clonmel “(the) pasture (wet) meadow, of honey” (logainm.ie # 67189) i gContae Thiobraid Árann. Díol mór suntais go marcáiltear Liable to Floods SO 25ʺ ar stráice talún i mBaile Ghearóid (“the town(land) of Gearóid” (logainm.ie #41648)), atá in aice le baile fearainn eile den ainm céanna Cluain Meala / Clonmel (logainm.ie #41657) i gContae Uíbh Fhailí. Tá baile fearainn eile fós darb ainm Cluain Bolg / Clonbolloge “(the) pasture, (wet) meadow of the Boilg; (the) pasture, (wet) meadow of gaps, of bumps”, in aice leis an stráice talún céanna sin, agus ar léarscáileanna fo-ithreach den cheantar léirítear go bhfuil ithir thuiltrí, .i. tuilemhá, i gCluain Bolg agus i gCluain Meala (féach: EPAMaps thíos).
(Léarscáil fo-ithreach de Cluain Meala, Baile Ghearóid agus Cluain Bolg Contae Uíbh Fhailí. Ithir thuiltrí marcáilte le +: https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
Timpeall na bliana 2005, tógadh eastát tithíochta ar an tuilemhá seo darbh ainm Figile Manor, ag tagairt do Abhainn Fhiodh Gaibhle / Figile River (logainm.ie #116294) atá díreach in aice leis an bhforbairt. Is ábhar faoisimh é go bhfuil aitheantas tugtha don bhaol tuile sa chás áirithe seo, sa mhéid is gur léirigh measúnú riosca a rinneadh le deireanas gur dócha gurb iad na spásanna glasa san eastát atá i mbaol tuile, seachas na tithe féin (Strategic Flood Risk Assessment: Co. Offaly) – ach is maith an scéalaí an aimsir! Bíodh sin ar fad mar atá, is léir nár mheas lucht pleanála gur ábhar imní a bhí sna logainmneacha Cluain Bolg ná Cluain Meala, ná an suíomh cois abhann a thug ainm do Figile Manor fiche bliain ó shin. Go deimhin, má dhéantar cuardach sciobtha ar an idirlíon is féidir teacht ar na scórtha samplaí de thuilte a tharla i mbailte fearainn a bhfuil na heilimintí thuasluaite ina gcuid ainmneacha. Thabharfadh sé seo le fios go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag lucht pleanála ar fhianaise fhíorthábhachtach nuair nach gcuireann siad logainmneacha san áireamh go córasach agus iarratais ar chead pleanála á meas. Seo a leanas roinnt samplaí a thugann léiriú air seo.
- An tEanach / Annagh/ “the marsh” (Contae Mhaigh Eo)
- 2021 ‘Flooding at Annagh, Castlebar’ (The Connaught Telegraph)
- Baile Bogáin / Ballyboggan “town(land) of (the) boggy ground” (Contae Bhaile Átha Cliath)
- 2025 ‘A number of three recent past flood events occurred within or around the Masterplan boundary’ (Baile Bogáin Masterplan Strategic Flood Risk Assessment)
- Corcaigh / Cork “marsh” (Contae Chorcaí)
- 2026 ‘There were some 292 floods reported over the period 1841-1988’ (AI)
- Corcach / Corkagh “marsh” (Contae Bhaile Átha Cliath)
- (2020) Council Minutes: ‘To ask the Chief Executive if the cause of the flooding that occurred near the Duck Ponds in Corkagh Park two weeks ago not dissipating quickly has been established and might same happen again?’ (Meetings: Southdublin.ie)
- Cluain Lára / Clonlara “(the) pasture, (wet) meadow of (the) mare” (Contae an Chláir)
- (2020) ‘Residents of Springfield, Clonlara … were moved from their homes and around 7,000 sandbags and pumping stations were delivered to ten houses in the village.’ (Irish Times)
- An Currach / Curragh “the wet bog, marsh” (Contae Chill Dara)
- (2018) ‘Roads through parts of the Curragh are also under water. ’ (kildarenow.com)
- An Ghreallach / Grallagh “the mire; puddly ground” (Contae Loch Garman)
- (2015) ‘Beef farmer … who lives in Grallagh, Co Wexford, said: ‘The farm and the roads around it are completely flooded.’ (Irish Farmers Journal)
- An Seisceann / Seskin ‘the sedgy bog, marsh, swamp’ (Contae Chill Chainnigh)
- (2012) ‘Money for flood relief … at the Seskin Bridge in Lisdowney is included in the latest round of funding ...’ (kilkennypeople.ie)
- An Turlach / Turlough “the winter lake” (Contae Mhaigh Eo)
- ‘The extensive, recurring groundwater floods that originate at turloughs also represent the primary form of groundwater flooding found in Ireland (Journal of Hydrology, November, 2012; see sciencedirect.com)
Is cosúil mar sin, gur áis fhíorúsáideach do lucht pleanála agus forbróirí araon an bhaint atá ann idir logainmneacha le heilimintí den chineál seo agus na tuilte atá anois ag dul i méid agus i minicíocht.
(Tuilleadh faoi seo a mhí seo chugainn)
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)